Maidir Linne

Is é Banc Ceannais na hÉireann príomhthiomsaitheoir staidreamh airgeadais na hÉireann. Cuireann ár gcuid anailíse bonn eolais ar fáil do chinntí an Bhainc Ceannais Eorpaigh, an Rialtais, gnólachtaí seirbhísí airgeadais agus an phobail. Cuirtear na sonraí seo ar fáil ar líne ar mhaithe lena n-úsáid agus lena n-athdháileadh faoi Threoir an Rialtais maidir le Sonraí Oscailte agus i gcomhréir le téama straitéiseach Bhanc Ceannais na hÉireann chun a bheith “Oscailte & Rannpháirteach”.

Ráiteas maidir le Ceadúnas

Ní mór d’úsáideoirí, faoi Cheadúnas CC-BY, foinse na faisnéise ina dtáirge nó ina bhfeidhmchlár a admháil. I gcás nach gcuireann an Soláthraí Faisnéise ráiteas admhála sonrach ar fáil, ba cheart d’úsáideoirí an ráiteas admhála seo, nó nasc chuige, a áireamh: “Áirítear Sonraí Earnáil Phoiblí na hÉireann arna gceadúnú faoi cheadúnas Admhála Creative Commons (CC BY 4.0)”.

Má tá aon cheisteanna nó tuairimí agat maidir leis an Tairseach Sonraí Oscailte seo, déan teagmháil, le do thoil, le opendata@centralbank.ie.